Scoil: Inis Oirthir (Inisheer) (uimhir rolla 13322)
- Suíomh:
- Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. Ó Giolláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn bean pósta leis an fear óg nuair tá an cleamhnas dhá dheanamh. Beidh an bhean sin ag an pósadh freisin.
Tar éis an cleamhnais a bheith déanta ní theigheann an fear ar an bhfairrge go mbeidh an pósadh déanta agus ní thagann an bhean go dtí a theach chor ar bith.
Ag dul ag an bpósadh beidh duine ag siubhal amach rompa chun an míadh a sgaoileadh uatha.
Fághann an cailin ball éadaigh ar iasacht ó dhuine éigin. Ní cuirtear é sin ar ais go ceann míosa.
Ag dul isteach sa teach tar éis an pósadh bristear cáca an phósta ar cheann an chailín.
An duine deireannach a fhágfas an bhainfheis briseann sé cupán ar an urlár.