Scoil: Baile Conghaile
- Suíomh:
- Baile Conaola, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. A. Mac Suibhne
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 099](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0005%2FCBES_0005_099.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 099
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)air. Nior fhág sé an áit mínthach. Bhí mórsheisear dearbhráthair de shliocht na bhFlaithbhearthach san áit agus bhí duine acu go raibh comhnaidhe air ar an g'Cráig'(ainm ar an áit fós) pósta. Isteach leis san dteach agus ní raibh ann ach an bhean. Dubhairt sí go raibh na dearbhrátharacha ag fiadhach thuas ag Cúl Ruadh (dhá mhíle ón áit) agus d'imthigh Ó Conghaile ar a dtóir. Chas sé orra agus bhain sé na cloigne díobh.
San áit seo freisin bhí fear go raibh aimnm mor maidir le neart agus clisteacht air, gur tugadh An Bioránach air. Bhí triúr mac agus inghean aige. Bhí trinnse ocht dtroighe déag(18) ar leithead thart timcheall ar an dteach bhí aige, é doimhin dá réir agus é líonta le huisge as loch a bhí taobh leis. D'réir cosamhlachta bhí An Bioránach gaolta leis na Flaithbhearthaighthe. Ní raibh fhios ag Ó Conghaile an mbeadh sé indon é ghearradh le leim ach bhain sé slait,- chuir as a chéile iad agus do shín ar an dtalamh iad. Thóg sé rite reaite agus ghlan sé an tslat. Bhí leis agus thóg léim thar an trinnse. Isteach leis san teach agus bhí an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- T. A. Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Stiophán Ó Neill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Aill Bhreac, Co. na Gaillimhe