Scoil: Béal an Átha Buí (Clochar) (uimhir rolla 15872)
- Suíomh:
- Béal Átha na Bá, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Tr. Ní Orcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal an Átha Buí (Clochar)
- XML Leathanach 120
- XML “Cruatan”
- XML “Stoirm”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bad caillte san gceanntar seo fadó, timcheall lé ceathrú míle ó mo theach. Bhí an bád ag teacht isteach san gcuan. Bhí an oidhche ann nuair bhí sé ag teacht. Chuaidh sí ar charraig. Thuit na daoine amach san bhfáirge. Báthadh ceathrar aca triúr fear agus bean. 'Siad Tomás Ó Conroigh, Sean Ó Búrca, Seán mac Mathghamhna, agus bean Bheal Ó Braonán. Shabháil triúr aca. Is iad Seán Ó Raghaille agus a mháthair agus Seán Ó Conroigh. Cuireadh comhartha ar an gcarraig 'nár báthadh na daoine.M'uncail a d'innis an sgéal seo dom.
- Céad bliadhna ó shoin bhí stoirm mór ann. Níor fhág sé teach sa tír nár scuabh sé an deasadh uaidh agus leag sé go leor scabh. Níor fhág sé cruach coirce nó cruach feir sa bparáiste nár leag sé freisin. Chuir sé na faoileáín soir go dtí na Beanna Beola. Bhris sé go leor báid. Níor fhág sé crann sa tír nár tharraing sé as an talamh. Guidheadh níos mó an oidhche sin ná i mbliadhain eile. Bhí an feir guirt ar na cnuic le fairrge h-air. M'athair a d'innis an sgéal seo dom.