Scoil: Béal an Átha Buí (Clochar) (uimhir rolla 15872)
- Suíomh:
- Béal Átha na Bá, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Tr. Ní Orcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Duine clúmháil 23.11.37Bhí fear in a chomhnuidhe sa gceanntar seo darabh ainm Filip Ó Folainn. Bhí sé an chlúmháil mar bhí sé in a shnámhuidhe an mhaith. Theigheadh sé fhéin agus cúpla fear eile amach ar maidin ag lorg lochanna doimhne agus bhíodh siad annsin ag snámh agus ag súgradh ar feadh an lae. Uair amháín tháinig na fir seo le chéile agus dubhairt siad go mbeiridís currach do'n fhear arbh' fhéidir leis fó-chupán a thógáil suas as tón loch a mbeadh 24 troighthe uisce ann. Rinne Filip é agus fuair sé an churrach. Uair eile bhí sé amuigh ag siubhal. Tháinig sé ar loch beag. Chúala sé go raibh sé go h-an doimhin agus shíl sé go mba mhaith leis tomadh thíos ann. Bhain sé de agus síos leis. Tháinig sé go dtí an tón. Bhuail a chos ar rudh chruaidh. Chrom sé síos agus céard a bhí ann ach claidheamh óir. Thóg sé suas leis é. Díol sé é agus fuair sé a luach in airgead. Lá amháin bhí sé ag dhéanamh a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Mhadaín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Átha na Bá, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Madaín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50