Scoil: Béal an Átha Buí (Clochar) (uimhir rolla 15872)
- Suíomh:
- Béal Átha na Bá, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Tr. Ní Orcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rónta. Nuair a bhíonn duine de Mhuinntir Uí
Chonghaile ag fáighail báis bígnn na rónta ag
béacadh agus ag sgreadaorghil amach ar an
bhfairrge.
Tá a lán locha ann-Loch Fada, agus Loch na
bPoca an dá ainn is mó aca.
Tugtar an t-ainm Loch na bPoca air mar
deirtear go bhfuil poca óir ag tón an locha.
Níl mórán fochracha ins an gceanntar. Tá bóthar
ag dul ón gClochán go Baile Conghaile. Tá a lán
bóthirín agus geárr-bealaigh ins na gceanntar
freisin. Tá cuid de na bóthire ag dul go
dtí na portaigh agus cuid eile aca ag dul
go dtí an fhairrge. Tá an talamh bog, fluich
agus bocht ins an gceanntar. Tá na daoine an-cháirdeamhail ins an gceanntar. - I roilig Árd-Dhéara de gnáthach a cuirtear daoine na h-áite seo. Tá roilig Áird-Dhéara níos deise ná an roilig atá in Iorrus Flainín. Tá roilig Árd Dhéara comh-réid agus tá roilig Lorrus Flainín lán de chlocha.Tá a lán cloch-tomacha agus criosanna curtha suas i roilig Árd Déara. Tá fear(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Mhadaín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Madaín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Béal Átha na Bá, Co. na Gaillimhe