Scoil: Nead an Iolraigh (uimhir rolla 11669)
- Suíomh:
- Cluain Luáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bríd Ní Chadhain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Nead an Iolraigh
- XML Leathanach 077
- XML “Seanscéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean sgéalta
Bhí cailin ann uair amháin agus bhí sí chun posadh. Teastaigh o na sidheóga i fhágail agus ní raibh siad in don i a thógáil gan duine beo bheith leo. bhí fhios ag na sidheóga go leigfeadh an cailin sriath tré huaire agus da nabradh aon duine dia linn ní bheadh siad in don i a thógáil.
Togadar fear leo acht ba mhaith leis an fear an cailin. Cuireadar an fear suas ins na fraghchachaibh i dteach an cailin mar bhí fhios ag na sídheóga go mbeadh féasta mór ins an teach tár eis an posadh bhuel in a dhiaidh an bainnis bí feasta mór ag na daoine sa teach.
bhí an feasta ag siubhal go breag nuair a leig an chailin sraith agus níor dubairt einne Dia linn. Do leig sí sraith eile ach níor dubairt einne Dia linn. Nuair a leig sí an treas sraith dubairt an fear a bhí suas ins na fragcacaibh Dia linn a Máire Ní hUaithin.
Le sin thug na sidheóga buile do agus tuit i sios(leanann ar an chéad leathanach eile)