Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an ceannuighe isteach an giorrán i sgioból agus thosuigh sé ag bualadh an ghiorráin. Chaith sé dá lth. chr cuige ach sin é an méid dá marbhochthaí é.
Chuaidh na ceannuighthe go dtí Seán an céad lá eile le haghaidh é a marbhugad. Nuair a tháinigh na ceannuigthe isteach - tosuig Seán agus a bhean ag troid, mar budh eadh. Dheamhan blás a rinne Seán, ach rasúr a fhághail agus í a thairringt ar mhuinéal a mná agus tháinich go leor fuil amach.
"A Diabhail", adéir an ceannuigh "tá do bhean marbh agat." Ní túisge liomsa mó bhean a mharbhadh ná í a dhéanamh beó. Fuair sé adharch ón ráta agus chuir i mbéal a mná í, agus dubhairt sé leithí "Éirig go beó." Déirigh an bhean.
"Ó" adeir an ceannuigh "an dtiubharfá an adharc sin dhomsa agus maithfidh mé do chionnta dhuit."
"Tiubhrad" adéir Seán. Nuair a tháinich an ceannuigh abhaile mharbh sé a bhean agus chuir sé an adharc ina béal agus dubhairt sé leithí "Éirigh go beó" (a dubhairt an ceannuig). Ach níor éirigh mar bhí si marbh in dá ríríbh.
Chuaidh an ceannuighe go dtí Seán agus fearg air.
An tam a dtáinic sé bhí Seán ag obair inaice locha agus ba lá ann bhréagh a bhí ann.
Bhí beithidhigh Sheáin go léir cruinnigthe ar bhruach na locha agus bhí a sgáile san uisge.
Sé an chéad rud a d'fhiafhruigh an ceannuighe de(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Briain
- Inscne
- Fireann