Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ansin d'osgail an t-athair an cófra, bhí béal na seanmhná oscailte. Sháith sé cnámh siar ann agus thacht sé í. I ndiaidh sin d'éirigh an dearbhráthair bocht saidhbhir agus an dearbhráthair saidhbhir bocht.
- Rí na gcat
Bhí cailín beag I dteach uair amháin in a raibh cat mór. Oidhche amháin fuair an cat bainne agus d’fhág sé braon in a dhiadh agus d’ól an cailín an bainne agus bhí ríbe ann agus sheas sé na croidhe agus níor bhéidir lé aon doctúir leigheas a fhághail dí. Oidhche ina dhiadh sin bhí beirt bhuachaill ag imirt cartaí agus d’imir said an da súil as a céile an duine a bhuadhach phioc sé na súile as an duine eile. Bhí an duine a caill na súile ag imeacht leis go ndheacha sé isteach i mballa agus bhí sgata mór cat ag innseacht sgéalta agus dubairt rí nag cat “Inis sgéal a Shaibh “innis scéal a Mheadhbh “ Innis scéal thú féin a deir Meadhbh do thosuigh rí nag cat ar a scéal agus dubhairt tá blathanna deasa ag fás in ait aithride agus an duine a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Ní Confhail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Padraic Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe