Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- XML Leathanach 056
- XML “An Fáth a bhFuil Olann ar an gCaora agus Fionnadh ar Ghabhar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin bhí saighdiúirí ag toruigheacht Íosa is bhíodar ag teacht suas leis, is ní raibh aon áit le dul aige ach isteach i mbolg gabhair a bhí ar an sliabh.
Nuair a d'airigh an gabhar É thosuigh sí ag méidhleach is ag imtheacht fíadháin.
Bhí fhios ag na saighdiúirí gur i mbolg an ghabhair bhí Íosa is lean siad an gabhar is sheas an gabhar gur rug siad uirthi. D'imthigh Íosa i ngan fhios do na saighdiúirí is chuaigh sé i mbolg na caorach. Luighe an chaora síos is thosaigh sí ag cangailt a círe is ní raibh fhios ag na saighdiúirí cé raibh Íosa is caitheadh ar an tóir tabhairt suas.
Bhíodh olann deas bhog ar an ngabhar an t-am sin is bhí fionnadh fada fíadháin ar an gcaora, ach d'athruigh Íosa é an t-am seo is chuir sé olann ar an gcaora is fionnadh ar an ngabhar is is mar sin atáid go dtí an lá indiú.- Bailitheoir
- Máire Ní Bríain
- Inscne
- Baineann