Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí dearbhráthair bocht agus dearbhráthair saibhir ann fadó agus bhí siad an-mhór in aghaidh a chéile. Bhí dhá sean-bhean san dá theach. Cailleadh an tsean-bhean bhí i dteach an dearbhráthair bocht. Thug sé leis ansin í le í tabhairt an na cille. Chuir sé dhá mhaide san carr éindigh léithe. D'imthigh leis ansin go dtáinig sé go dtí teach ósta. Chuaidh sé isteach san teach ósta. Nuair a tháinig sé amach agus dóthain ólta aige, thug sé an tsean bhean amach as an carr agus chuir sé í 'na seasamh le taobh tobar agus an dá mhaide faoi na lár. Nuair a bhí an méid sin déanta aige chuaigh sé isteach agus dubhairt le cailín an tighe dul amach agus rádh leis an tsean-bhean teacht isteach. D'inis sé di cá raibh sí. Dubhairt sé go raibh sí bodhar ach í craithe agus go cloisfeadh sí thú. Chuaidh an cailín amach agus chraith sí an tsean bhean. Thuit sí síos san tobar. Rith an cailín isteach agus dubhairt sí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Confhaoile
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádhraich Ó Confhaoile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe