Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an Rí agus Mac Carrabhas go dtí caisleán an Rí eile seo.
Chuaidh an cat amach rompa ag an ngeata agus dúbhairt leis an Rí "Céad fáilte romhat a Rí uasal go caisleán Mac Carabhas.
"An leatsa an caisleán seo" arsa an Rí le Mac Carabhas. "Is liom" arsa Mac Carbhas. Chuadar isteach ansin agus chaitheadar féasta.
D'fhan Mac Carabhas agus an cat sa gCaisleán. Phós Mac Carabhas agus inghean an Rí. Cheannaigh Mac Carabhas culaith éadach agus péire bróg don chat agus bhí an cat chomh postamhail uaidh sin amach is nach mbreathnóch sé ar luch.- Bailitheoir
- Colm Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Brian
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe