Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 021](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0009%2FCBES_0009_021.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 021
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)abhaile d'orduig sí do'n bhúistéar. Dubhairth leis an chaora dhubh a mharbhad. Rinne an búistéar amhlaidh.
Fágadh an cáilín annsin agus a craoidh briste, shuidh sí síos chrom sí a ceann agus thosaigh sí ag osnaighil. "Chéard átha ort, a Cháilín," arsan guth taobh thiar dhi.
D'fhéach an cáilín agus cé bheadh ann acht prionnsa óg.
Mach ríogh ab'eadh é, a bhí ag dul thart ar lorg mná.
Do bhí iongnadh ar an mach ríogh cáilín chomh bréagh léithe a fhéiceál i mbun caorach amuigh ar thaobh cnuic.
Thuit sé i ngrádh léithe ar ball.
Do cheistnigh sé í agus nochtuigh sise a scéal ó thúas go deireadh dhó. D'fiarr an prionnsa uirrthi theacht leis féin go bpósadh sé í. Ní gábhadh a rádh go raibh an cháilín lán-tsásta a theacht leis.
Léimh siad i n-áirde ar an gcapall(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éithne Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe