Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 040

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 040

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 040
  3. XML “Bean agus Buachaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fathach amuigh ag fiadach dó féin agus gur gearr go mbeadh sé isteach. Dubhairt sí go gcaithfheadh sí é a chur i bhfoglach.
    Do chuir sí i bhfoglach é faoi an bpota. Nuair a tháinig an fatach isteach. Dubhairt sé "Futh" "Fáth," Féasógh, fághaim baladh an Eireannaigh bhradaigh. "Is mór liom dá ghreim é, acht dhá bhfuighinn ghráinne salainn leis d'íosfainn de aon ghreim amháin iad." Leis sin chuaidh sé toruigheacht agus ní bhfuair sé an buachaill. Innsin réithigh a bhean a bhéile dhó, agus dubhairt an fathach léithi a dhul a codhladh. Annsin chuaidh sé ag déanamh spraoí leis an gceaircín a bheirfeadh ubh óir 'chuile lá. An fhadh is bhí sé ag imirt léithi, thuit a chodhladh air agus nuair a fuair an buachaill i n-a chodhladh é chroch sé leis an cheaircín agus d'imthig sé síos chuig a mháthair, agus bhíodar ag cruinneadh na n-uibheacha óir go rabhadar saidhbhir.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosamh Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    Coill Sáile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Éithne Ní Congaile
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    39
    Seoladh
    Coill Sáile, Co. na Gaillimhe