Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 112
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lán na páirce de bheithighibh bhána, agus bó mhór dhearg istigh eattarra.
"Do chuid fiacla agus do theanga."Níl sé taobh amuigh, agus níl sé taobh istigh agus níl lá ar bith nach bfheictear é.
"Fárdoras."Chuaidh mé suas an bóithrín, agus tháinig mé anuas an bóithrín, agus thug mé an bóithrín ar mo dhruim liom.
"Dréimre."Tá teach beag agam, agus ní shuidhfheadh ann aon luch, agus ní chomhairfheadh a bfhuil sa mbaile mór, na fuinneoga atá ann.
"Méaracán táilliúra."- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Nualáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 64