Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 176
- XML “Tomás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Tomás in-a chomhnuidhe le n-a mháthair i dteach beag ar thaobh an chnuic. Do bhí a athair básuighthe agus do bhí sé féin agus a mháthair an-bhocht ar fad. Bhí bó amháin aca agus nuair a bhíodh Tomás as fosuidheacht na bó ar thaobh an chnuic do bhíodh sé ag baint froighe le h-aghaidh sguabaí a dhéanamh.
Bheadh a mháthair i ndon iad a dhíol ag an margadh arís nuair a bheadh slám mhaith aca aici.
Lá amháin chuaidh Tomás amach ar an sliabh agus bhí an lá seo an te. Chuaidh sé amach píosa mór 'sa gcnoc agus chonnaic sé sgathamh beag uaidh féar an-ghlas agus fraoch mór fada a bhí chómh h-árd le crann daraigh.
Chuaidh Tomás go dtí an áit agus ba fraoch a bhí ann dháiríre.
Chuir sé an bhó ag ithe ar an bhféar fada agus chuaidh sé féin ag baint(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Raghallaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nioclás Ó Chuirín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe