Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 177
- XML “Tomás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fraoighe le n-a chorrán.
Bhí ualach mór bainte aige agus bhí sé tugtha de bharr a shaothair agus shuidh sé síos ag leigean a sgidhe.
Bhí áthas air nuair a chonnaic sé an bhó ag ithe agus thug sin tuille misnigh dhó agus bhí sé ag ceapadh go mbeadh a mháthair i ndon cuid de'n bhainne a díol cúpla lá in-a dhiaidh ag an margaidh.
Tamaillín beag in-a dhiaidh sin chonnaic sé buachaillí beaga bídeacha ag bualadh liathróide ar an mbán beag in-aice leis. Ní buachaillí a bhí ann mo léan géar acht sídheóga, agus ba ghearr go bhfuair Tomás amach é sin.
Bhí sídheóg amháin ann agus caipín dearg ar a cheann.
Bhí sé seo i bhfad níos fearr agus níos sgiobtha na ceachthar aca.
Bhí an-mheas ag Tomás air agus bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Raghallaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nioclás Ó Chuirín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe