Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 509
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Deirtear gurab' í an Mhaighdean Mhuire an chéad bhean ariamh a thosuigh ag caitheadh tobac agus is gearr go mbeidh a fhios cé'n fáth.”
Deirtear gurab 'í an Mhaighdean Mhuire an chéad bhean ariamh a thosuigh ag caitheadh tobac agus is gearr go mbeidh a fhios cé'n fáth.
Dé réir bhéil-oidis na sean ndaoine bhí sí féin agus a Mac agus Seósamh Naomhtha ag dul ar thuras fada de shiúbhal oidhche agus bhí sise agus Íosa ar deireadh agus Seósamh tamall 'un tosaigh ortha.
"Muise," ar sise, "a Íosa, nach caol na cosa atá faoi Sheósamh."
Níor labhair Íosa tada acht imtheacht leis nó go dtáinig siad suas le Seósamh Naomhtha.
Ba ghearr go bhfacadar teach beag tamall beagh uatha agus dúbhairt Íosa le n-A mhathair go mba cheart di fanacht ann go maidin.
D'fhág Sé a mháthair annsin agus chuaidh Sé le teach eile a fhagháil do Sheósamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Raghallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nioclás Ó Cuirín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe