Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 515
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1
Muiltín mullach, mullach, is é ag rith go diollach, diollach, ní raithneach é is ní fraoch é is ní cineál shíol na gcaorach é. "Smig Neannta."2
Capaillín babáilte, babáilte donn, shiubhaileadh sí Éire is ní fhliuchfadh sí a cos. "Beach"3
Capaillín 'sa gcúinne is é ins na cosa ináirde. "Túirne."4
Meig, meig, ar an taobh amuigh de'n chlaidhe agus meig, meig ar an taobh istigh de'n chlaidhe agus ní bhainfeadh an meig ar an taobh amuigh de'n chlaidhe leis an meig ar an taobh istigh de'n chlaidhe. "Neanntóg."5
Thuit mairt le aill is dheamhan cnáimh a briseadh ann. "Seilmide."6
Gearrán bán is a dhruim le aill is é ag gearradh gráin go tiubh. "Muileann."7
Droichead ar loch gan maide, gan chloch. "Leac-oidhre."8
Siúd 'san gcúinne é agus dhá chéad clóca air. "Meall cabáisde."- Bailitheoir
- Máire Ní Raghallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe