Scoil: Cromghlinn (C) (uimhir rolla 15411)

Suíomh:
Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cáit Ní Óbáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 306

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 306

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromghlinn (C)
  2. XML Leathanach 306
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    isteach an doras. "S eadh", ars bean Fionn, "Da mbeadh na fir sa mbaile ní bheadh an ghaoth ag seideadh isteach mar sin." "Céard a dheanfadh siad?" ars an fathach. Thogfadh siad suas an tigh agus chuirfeadh siad cúl an tighe in aghaidh na gaoithe" arsa bean Fionn.
    Gan focal eile chuaidh an fathach amach agus chuir sé cúl an tighe in aghaidh na gaoithe. Bhí na tighthe sin déanta as adhmad agus bhí siad níos eadtruime ná na tighthe atá againn. Chuaidh sé isteach agus d'fhéach sé síos ins an gcliabhán. "Cé tá ins an gcliabhán?" adeir sé. "Sin é mo mac" adeir bean Fionn. Chuir sé a lámh síos ins an gcliabhán go bhfeicfeadh sé cé n sórt paiste abhí ann acht d'fhoscail an páiste a bhéal agus d'ith sé bárr an mhéir de.
    Deir an fathach annsin "Dá mbeadh na fir in Éirinn chomh dána is atá na páistí níl fhios agam cé'n sort iad. D'iarr sé uirthe an raibh einnidh le n-ithe aice le n-a thabhairt dó. Deir sí "níl aon feol ins an teach agam acht má's maith leat tabhair isteach bullán as na páirceanna agus marbhuigh é agus déanfaidh mise anbhruith".
    Chuaidh an fathach amach go dtí an pháirc san áit a raibh na bulláin. Bhí mac Fionn ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Fhaoithe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Sciach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Fhaoithe
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Cill Sciach, Co. na Gaillimhe