Scoil: Cromghlinn (C) (uimhir rolla 15411)

Suíomh:
Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cáit Ní Óbáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 307

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 307

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromghlinn (C)
  2. XML Leathanach 307
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    aoidhearacht na mbullán agus fathach óg do b'eadh é. Chonnaic an fathach bullán mór reamhar agus thosuigh se 'ghá thiomáint abhaile. Tháinig mac Fionn agus níor thug sé cead dó an bullán a thabhairt leis. Chuir mac Fionn a lámh ar adhairc an bhulláin agus chuir an fathach a lámh ar an adhairc eile agus bhí siad ag streachailt go dtí go rinne siad dhá leath de'n bhullán.
    Thug an fathach a leath féin abhaile go bean Fionn agus rinne sí anbhruith de. Bhí an fathach amuigh. Rinne sí cáca agus chuir sí píosa iarainn isteach i lár an cháca agus bhacáil sí é acht ní raibh an píosa iarainn le feiceál.
    Thosuigh an fathach ag ithe an bhulláin leis an gcáca. Fuair sé é go h-an cruaidh acht bhí náire air a rádh nach n-íosfadh sé arán na h-Éireann. Nuair abhí sé ithte aige ní raibh fiacal in a bhéal nach raibh briste aige.
    Bhí Fionn ins an gcliabhan agus é ag briseadh a chroidhe ag gáire. D'iarr an fathach ar an mnaoi cé n lá a raibh Fionn le teacht "Níl a fhios agam" adeir sí "acht tá sé le teacht gach uile lá."
    Chuaidh sé amach agus tháinig tart mór air. Bhí sruthán i gceann de na páirceanna ag dul le
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Fhaoithe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Sciach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Fhaoithe
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Cill Sciach, Co. na Gaillimhe