Scoil: Cromghlinn (C) (uimhir rolla 15411)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Óbáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 307](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0082%2FCBES_0082_307.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 307
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (C)
- XML Leathanach 307
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aoidhearacht na mbullán agus fathach óg do b'eadh é. Chonnaic an fathach bullán mór reamhar agus thosuigh se 'ghá thiomáint abhaile. Tháinig mac Fionn agus níor thug sé cead dó an bullán a thabhairt leis. Chuir mac Fionn a lámh ar adhairc an bhulláin agus chuir an fathach a lámh ar an adhairc eile agus bhí siad ag streachailt go dtí go rinne siad dhá leath de'n bhullán.
Thug an fathach a leath féin abhaile go bean Fionn agus rinne sí anbhruith de. Bhí an fathach amuigh. Rinne sí cáca agus chuir sí píosa iarainn isteach i lár an cháca agus bhacáil sí é acht ní raibh an píosa iarainn le feiceál.
Thosuigh an fathach ag ithe an bhulláin leis an gcáca. Fuair sé é go h-an cruaidh acht bhí náire air a rádh nach n-íosfadh sé arán na h-Éireann. Nuair abhí sé ithte aige ní raibh fiacal in a bhéal nach raibh briste aige.
Bhí Fionn ins an gcliabhan agus é ag briseadh a chroidhe ag gáire. D'iarr an fathach ar an mnaoi cé n lá a raibh Fionn le teacht "Níl a fhios agam" adeir sí "acht tá sé le teacht gach uile lá."
Chuaidh sé amach agus tháinig tart mór air. Bhí sruthán i gceann de na páirceanna ag dul le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhaoithe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Sciach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Fhaoithe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cill Sciach, Co. na Gaillimhe