Scoil: Cromghlinn (C) (uimhir rolla 15411)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Óbáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (C)
- XML Leathanach 321
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal.Bhí fear ann fadó ar imthigh dhá chaora uaidh agus níor fhéad sé aon tuairisg d'fhághail ortha ar tamall fada. Lá amháin nuair abhí sé ar a dtóir agus é ag teacht abhaile agus a neart tóir gan aon chaora aige tháinig fear suas leis ar chapall marcaigh. Deir an fear eile leis fhéin nach raibh ar an gcapall acht trí cosa. D'iarr fear an chapaill air céard abhí sé ar lorg. D'innis sé dó go raibh sé ar thóir dhá chaora abhí imthighthe uaidh le fada.
Dubhairt fear an chapaill leis dá rachadh sé lá in éindigh leis ag bualadh báire go dtiubhradh sé tuairisg na gcaorach dó. Tháinig áthas ar fhear na gcaorach agus gheal sé dhó go rachadh. Dubhairt fear an chapaill leis go gcaithfeadh sé beith in a leithéad-se áit ar a dó-dhéag a chlog san oidhche agus gan abheith noiméad indiaidh an tamaill(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Fúrd
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Fúrd
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe