Scoil: Cromghlinn (C) (uimhir rolla 15411)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Óbáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (C)
- XML Leathanach 322
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sin agus deir sé leis "tiocfaidh buachaill fut ar leiceann agus tiubhraidh sé dubh-iarracht ar thú a leagaint agus má leagann sé tusa tá an lá caillte againne agus má leagann tusa é tá an lá againne.
Bhain sé geallamhaint cruaidh de a fhocal a sheasamh agus deir ear na gcaorach go dtiocfadh agus go mbeadh sé annsin san am ceart. Annsin thug fear an chapaill tuairisg an dá chaora dó. Deir sé leis "Gheobaidh tú an dá chaora ag ithe ar lios droichid an páláis.
D'imtigh an fear annsin agus fuair sé an dá chaora ag ithe san áit sin agus thug sé abhaile iad agus é lán tsásta. Acht bhí obair mhór roimhe fós.
Tháinig an oidhche lár na bhárach in a dhiaidh sin agus d'imthigh sé san áit a orduigheadh dó agus ní fhaca sé duine annsin. Chrom sé síos ag ceangal a bhróg go teann le n-a bháire agus nuair a árduigh sé a cheann bhí crainn breághtha thart timcheall air - chomh breágh is a chonnaic sé ariamh. Shíl sé gurbh é an lá ba breághta dá bhfaca sé ariamh. Siubhal fear breagh chuige anall agus chaith sé comán dó agus d'innis sé dó cé n taobh a mbheadh sé ag cur a liathróid
Thosuigh an obair annsin agus ba ghearr(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Fúrd
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Fúrd
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe