Scoil: Cromghlinn (C) (uimhir rolla 15411)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Óbáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis an muileann draoidheacht a fhághail nach mbeadh easbaidh air arís go bráth. D'fhiafruigh sé de'n diabhail an muileann draoicheacht a thabhairt dó agus thug
Thug an dearbrathar bocht abhaile leis é agus rud ar bith a theastuigh uaidh rinne an muileann draoidheacht dó é. Nuair a chuala an dearbhrathar saidhbhir e sin cheannuigh sé uaidh é agus thug abhaile í.
Bhí sluagh fear ag obair dó lá amháin agus b'e and saghas dinnéir abhí le bheith aige leite agus iasg. Dubhairt sé leis an muileann draoidheacht leite agus iasg a dhéanamh dó. Níorbh féidir leis stop a chuir leis gur líon sé an baile beag ar fad le leite agus iasg.
Chuir sé fios ar an dearbhrathar bocht agus dubhairt sé leis é a thógáil abhaile. Thóg mar néalach uaidh leis é. Chuir sé isteach i luing bhig é agus thosuigh sé ag déanamh salainn. Líonn sé an long le salann. Chuaidh an long faoi agus tá salann dá dhéanamh ag an muileann draoicheacht ó shoin agus sin é an fáth go bhfuil uisge guirt san sáile.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chonraoi
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Láithreach Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Conraoi
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Láithreach Mór, Co. na Gaillimhe