Scoil: Cromghlinn (C) (uimhir rolla 15411)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Óbáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (C)
- XML Leathanach 331
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus bhí mac óg aici. An oidhche a rugadh é chuir a mháthair fás sa ngáirdín.
Choiméad sí sa gcliabhán é agus thug sí leamhnacht dó an t-am ar fad. I gceann seacht mbliadhna thug sí amach sa ngáirdín é leis an gcrann óg a tharraingt acht theip air.
Nuair abhí sé ceithre bhliadhan déag d'aois thug sí amach arís é acht ní raibh sé i ndon anh crann a tharraingt.
Annsin thug sí amach é agus é bliadhan is fiche agus d'eirigh leis an crann a tharraingt ó na préabanna. Ghearr sé bata uaidh agus chuaidh ar lorg oibre. B'é an obair a fuair sé ag aodhaireacht caorach. Bhí an t-Earrach ann agus bhí uain 'ghá mbreith ag na máithreacha.
Chuaidh sé amach mar araibh na caoirigh ag inbhear. Chonnaic sé girrfiadh ag rith amach ó ceann de na máithreacha agus cheap sé gur uan abhí ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Ní Ghaoithín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Láithreach Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Gaoithín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Láithreach Mór, Co. na Gaillimhe