School: Cromghlinn (C) (roll number 15411)
- Location:
- Crumlin, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Óbáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromghlinn (C)
- XML Page 331
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann fadó agus bhí mac óg aici. An oidhche a rugadh é chuir a mháthair fás sa ngáirdín.
Choiméad sí sa gcliabhán é agus thug sí leamhnacht dó an t-am ar fad. I gceann seacht mbliadhna thug sí amach sa ngáirdín é leis an gcrann óg a tharraingt acht theip air.
Nuair abhí sé ceithre bhliadhan déag d'aois thug sí amach arís é acht ní raibh sé i ndon anh crann a tharraingt.
Annsin thug sí amach é agus é bliadhan is fiche agus d'eirigh leis an crann a tharraingt ó na préabanna. Ghearr sé bata uaidh agus chuaidh ar lorg oibre. B'é an obair a fuair sé ag aodhaireacht caorach. Bhí an t-Earrach ann agus bhí uain 'ghá mbreith ag na máithreacha.
Chuaidh sé amach mar araibh na caoirigh ag inbhear. Chonnaic sé girrfiadh ag rith amach ó ceann de na máithreacha agus cheap sé gur uan abhí ann.(continues on next page)- Collector
- Úna Ní Ghaoithín
- Gender
- Female
- Address
- Laragh More, Co. Galway
- Informant
- Tadhg Ó Gaoithín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Laragh More, Co. Galway