Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)
- Suíomh:
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr. P. Ó Domhnalláin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 007](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0001%2FCBES_0001_007.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 007
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fir Láidre:-
Tomas Ó Luighdhe.
Is é Tomas Ó Luighdhe an fear is mó a cualadh mé trácht air idtaobh láidire. Ba é sean athair mo mathair é agus bhí se pósta trí h-uaire an uair dheireannach a phós sé bhí mo mathair ar an mbainfheis.
Bhí sé in-ndon a lán rudaí a deanam idtaobh a cuid láidire. Bhí sé in ndon sgeilp an luig a caiththe. Ní raibh aon fhear in Árainn in-don an t-amad a cuireadh an bfairrge aníos a tiubhairt ar bhárr aille com maith leis. Teigheadh sé suas ag iarraidh amuidh ag an am marbhadh d'on oidhche - agus gan duine ar bith in-einfeacht leis.
Oidhche dá ndeachfhadh sé suas leis fhéin o dheas d'on oileán ag féachaint ar chuir an bfairrge isteach aon blas fuair se séach agus i lán de copar. Cuaidh sé síos abhaile aríst agus rug sé aníos go leór cléibh agus líon sé le copar iad. Bhí sé ag tiubhairt anuas an copar ar feadh na h-oidhche agus ní raibh fhios ag aon nduine cá raibh sé. Ar maidin fuair sé bád agus cuir sé an copar isteach inntí agus cuaidh sé Gaillimhe. Ní bfuair sé ar an gcopar acht píginn an púnt.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhioráin
- Inscne
- Baineann