Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)
- Suíomh:
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr. P. Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean bean ann fadhó agus ní raibh aichi acht aon inghean amháin. Ba cailín an ógh a bhí innthi. D'imthigh an béirt eile as a teac uaidh. Bhí an-t-sean bean an-tinn agus ní ráibh sí ann siubhal amach. Dubhairt an bhean leis an gcailín beag an ngábhfadh sí ag iarraidh rud le-n-ithe agus d'imthigh an cailín beag lei agus ní bfuair sí aon blas le-n-ithe agus tháinig sí abhaile agus bhí fáithchíos uirthi.
Tháinig sí isteach ag a máthair agus ní ráibh aon blás aici. Thúg a máthair airgead do'n cailín agus dubhairt sí lei cáca milis agus rudai eile a ceannacht. D'imthigh sí le aríst agus tháinig sí go dtí síopa beag agus ceannuigh sí cáca milis agus na rudai eile adubhairt sí lei. Nuair a bhí sí teacht abhaile casadh taidhbhse le. Dubhairt sé lei na rudai a tubhairt dhó. Dubhairt an cailín beag go ráibh a máthair tinn agus nach bhfeathcfhadh sí aon blás a tubhairt dhó. Bhuail an taidhbhse í agus thosuigh sí ag caoineadh annsin dubhairt sé lei gabhfadh tusa an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Seóige
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Colm Seóige
- Inscne
- Fireann