Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Choisdealbha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
- XML Leathanach 026
- XML “Pósadh”
- XML “Tomhasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo é an chaoi a phósfadh na daoine fadó. Ins an Inid a phósadh siad. Seachtain roimh an phósadh théogheadh an fear agus an chailín agus a muintir go dti an bhaile mór agus théigheadh siad isteach i dteach osta agus thógadh siad seomra ann agus dheánfadh siad an chleamnas. Ceapadh siad oidhche speisealta chun a dhul go dtí teach an chailín agus glacadh siad an spré agus beadh ithe agus ól agus damhsa ann go maidin. Annsin cheapadh siad lá cun a bposadh lá an phosadh bheadh carr ag an bhuachaill agus ag an cailín ag dul go dtí an seipéal. Annsin nuair bheadh siad posta thógadh an buachaill an chailín abhaile in a charr féin - beadh chaiple ag muinntir an buachalla óg agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Choileáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- (ar lean ón leathanach roimhe)4. Fear beag in a seasamh le claidhe. Itheann sé gach rud. Ach ní ólann sé uisge. Freagra - Teine.5. Chuaidh caora isteach i mbearnain. Cead caora eile an maor's an mada. Ce méid cos é sin. Freagra - Da cos's.6. Tháinig sé isteach ar druim na daoine agus cuaidh sé amach comh mín le síoda. Freagra - Móin.