Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Choisdealbha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
- XML Leathanach 061
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean fear agus a bhean an uair amhain agus ní raibh aon slighe bheatha aca cor ar bith agus ní raibh acht aon bó amhain aca. Ní raibh tada le niththe acha an lá seo agus do marbh siad an bó seo. An lá indhiadh sin d'imtigh an fear ag obair agus do thug an bhean an bó amach san gáirdín cabáiste agus do chuir sí piosade'n bhó ar bharr gach cor cabáiste agus d'ithth madrí na h-áite é. Nuair tháinig an fear abhaile bhí fearg mór air agus dibhairt se go caithfidh siad an bóthair a thábhairt orra féin. Do bháiligh an bean gach rud a bhí aice agus do dhúin siad an doras agus cuiradar an glas air agus d'imthigh leo. Do suibhaldar gan stád ar feadh dhá lá agus dhá oidhche agus annsin tháinig siad go dtí coill mór agus imeasc na crainn connaic siad solus mór. Do cuadar go dtí an áit ina raibh an solas le feiceal agus do bhailighdar clocha móra agus do cuadar suas ar crann áird agus nuair d'fheach siad sios ar an solas connaic siad na sidheógha agus iad ag comhraireamh óir agus d'imthigh na sidheogha comh tapa is d'feadh siad. Tháinig an bhéirt aca anuas ón gcrann agus fuaireadar airgead na sidhéoga agus níor fhacadar lá de ní-ádh ó'n lá sin go lá a báis na a muinntear indhiaidh sin.
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Coidhin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Padhraich Ó Choidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60