Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Séadhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar a dhruim é agus thug se go teach an phobail é agus cuir sé in a seasamh ar an altór é. Cuaidh sé go dtí an sagart agus dubhairt sé leis an sagart a theach chun an ola a cuir ar a mháthair. Dubhairt an sagart leis a dul ag teach an phobhail i gcoinnne rud eicínt a teastuigh uaidh. Cuaidh se giota den bealaigh agus dfhill sé ar ais. Dubhairt sé leis an sagart go raibh fear ar an altór agus nach leigeadh sé do an rud a fhágháil. Chuaid an sagart leis agus thosuigh sé a léigheamh a leabar ag iarraidh an fear a cur as an altór. Nuair nac nimthighead sé thug an sagart buile de bhata dó agus thuit an fear agus é marbh ó a sagart arsa Seán innsheochaidh mé do gac duine gur marbhuigh tú fear. Tuibhraidh mé airgead duit má coinbhighinn tú an rúin sin duit féin. Thug an Sagart mála beag airgiad do Sheán. Chuaid Sean abhaile ag an teac a bhí sé in a chomhnaidhe ar dtús.Bhí sé an saidhbhir ina dhiadh sin.
- Bailitheoir
- Miceál Ó Shlatarra
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padraic Ó Ceannaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe