Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Séadhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Paddy Máirtín ar cuaird tigh Pádhraic Ó Bhrian oidche - fear óg láidir gan aon cronaighe ab eadh Paddy -agus bhí paca maith mine sa gcluidh ag Pádhraic."M'anam gur maith an mála mine atá agat sa gcoirnéal, a Phádhraic" arsa Paddy.
"Dheamhan caill ar" arsa Pádhraic
"Anois a Phaddy," arsa Pádhraic Ó Brian, "nach silfheá gur suarach an fear Beaglaoich.
"Bhoil go deimhin shilfinn" arsan fear eile.
"Boil d'árduigh Beaglaoich an mála mine sin sé ordluigh ó'n talamh an oidhche cheana," arsa Pádhraig. Ní raibh Pádhraic O Brian acht a' sáigheadadh faoi Paddy bocht.
"Ar mo connsiais" arsa Paddy, "Má d'árduigh Beaglaoich an sac mine sin, bhéarfaidh mise iarracht ar a tógáil freisin."Sheas Paddy suas - agus Padhraic Ó Brian ag gáiridhe is ag magadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Mac Concatha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Buíbheanach Mór, Co. na Gaillimhe