Scoil: Leacaigh (Leacach)
- Suíomh:
- Leacach Beag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seosamh Ó hÁinlíghe
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 371](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0019%2FCBES_0019_371.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 371
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní deantí usáid de bhord cor ar bith nó go dtháinic an tae amach acht bhíod sgitheog agus leagaidis an sgitheog ar cathaoir leagtha agus leagaidis na fataí amach annsin. Bhainidís an creacain de na fataí lé iongain na h-ordóige. Bhiod an bord leis an mballa i gcomhnaidhe.
Síad na cáca a bhíod aca na cáca mín coirce agus caca cruitneacht no caisgín.
Nuair a tháinic an tae amach annsin dolad na mná é nuair a bhíod na fir amach agus bhíodh na fir ar buile. Tháinic Mártín Ó Healuighe isteach lá agus bhí an pota tae shíos ag a bhean. "Mara brisid mise tusa brisfhidh tusa mise" ar seisean leis an pota tae. Thug sé kick do agus rinne sé píosa dhé.
Deantí an t-aráin mar deantar anois é acht amháin go ndeantí taois den phlur agus uisge agus bacailtí ar greidéal.- Bailitheoir
- Eilís Ní Fhlionn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leacach Beag, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Martín Ó Duggan
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe