Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)

Suíomh:
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 113

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 113

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)
  2. XML Leathanach 113
  3. XML “Amhrán na nIascairí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá na gaoithe móire seadh bhí mé ins an seoladh
    agus cuimhneochadh mé go deó deó ar an lá sin
    As Gaillimh amach a shíolas, bí iasgairí le fórsa
    Is bhí O'Connaill ann is ba mhór ó a cháilidheacht.
    II
    Loingis siar Uí Shreói[r]se, ar fhairrge le forsa
    Is gur bé a dubhairt gur stiúrthóir a bhí i Máirtín
    Ar cuimnigh Dia agus Mic Dóchas seadh chuir mé an salchnach amuigh
    Mar gur bé an bád a bhfearr amuigh ariamh a dearnadh.
    III
    Tá draft ag Páidín Seoighe ar fheabhas i Litir Foley
    Agus ba mhór mór a charad ins an áit seo.
    Agus ba mór a sgéal a pócaí a beith lom i dteach an ósta
    Mar is iomdha cailín óg a craitheach laimh leis.
    IV
    Is mór a dur[?] mo ráidhte dá méid a dhéanamh sé de ghála
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge