Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán
“A Bhideach na gcarad tuig feasta ¶ nach súgradh é ¶ Ar a mhalairt mar gheall ar ¶ gur dhúiltuigh tú me”
A bhideach na gcarad tuig feasta nach súgradh é
Ar a mhalairt mar gheall ar gur dhiúltuigh tú mé
Ó shíl tú mé mhealladh le glór bog binn do bhéil
Go dtug mo chroidhe gean dhuit thar mhná óga an t-saoghail.
II
Tá dúithce beag milis ag mo bhideach taobh thall den t'sputh.
Tá na h-ubhla cumhartha ánn a fhasann fá dhó sa mbliadhain
Tá na rodóga[?] meala ag na beacha gach ceárd d'on t-sliab
Tá siúcra donn craithte ar a mbhloiseann Brígid Bhán do'n bhiadh.
III
Is milse póg Bhideach na uisge Loch Éirne ar fad
Ná'n chéad sgoth de'n chruithneacht
Agus is fuinnte as sugha an mill-bheach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Labhrás Ó Feínneadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe