Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 007](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0065%2FCBES_0065_007.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 007
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caladh na Muc
- XML Leathanach 007
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a ghníos na cleamhnaistí i gcómhnaidhe. Teigheann siad go dtí teach na mná agus cuireann siad in iúl dá h-athair is dá máthair gur maith léo a leitheid seo í a phósadh. Annsin bíonn seanchas aca fá shaidhbhreas an fhir - méid stoc atá aige, méad talamh, an cineál tíghe srl. Annsin ní foláir socrú fá spré na mná. Má tá airgead ag a h-athair geibheann an fear an méid atá ag dul dí. Muna bhfuil gheibheann an cailín stoc nó pé rud gur feidir lenn a túismíghtheóirí a thabhairt dó. Nuair a bhíos gach nídh sochruighthe bíonn "oidhche mhór" i dtígh na mná.
Tugtar cuireadh do na chomhursana teacht go dtí an teach agus tagann gaolta an fhir leis. Bíonn damhsa, ceol, siamsa is spórt ar sibhal i rith na h-oidhche ar fad.
An Pósadh Féin:- Maidin lae an phósaidhthe teigheann an fear fá dhéin an chailín. Bíonn a cháirde féin leis. Tugtar tae nó deoch dóibh i dtígh na mná. Annsin gluaisidh go léir go dtí an séipéil. In dhiaidh an Aifrinn teigheann na daoine go léir go dtí teach an fhir agus bíonn fleadh agus féasta mór aca. Teigheann an lánamhain nua ar thuras i ngluaistean - go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Madelín Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Oileabhéar Ó Chárthaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú Mhór an Chnoic, Co. na Gaillimhe