Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caladh na Muc
- XML Leathanach 086
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)talamh.Dhéanadh na daoine a ndícheall leis an gcíos a íoc. Nuair nach mbíodh airgead aca thugaidís cruithneacht nó pébí rud a bhíodh aca. Uaireannta d'íarraidís ar an tighearna talmhan an oiread seo lá a thabhairt dóibh go mbéadh an t-airgead aca acht is annsan d'éistí leo.Caitheadh a lán daoine as Porridgetown amach ar thaoibh an bhóthair. Thug daoine carthannthacha greim a mbéil agus lóisdín dóibh. Theigheadh na mná thart go dtí na tighthe ar lorg airgid, bhíodh páipéar aca agus sgríobhadh an sagart a ainm ar bhárr an leathanaigh. Annsin thugadh gach duine 2/6 dóibh chun cabhrú leo in am an ghabhtair.Cuireadh fear as seilbh i nGarrynagry agus bhí an sneachta go tiugh ar an talamh. Fuair an fear bocht bás leis an bhfuacht.Bhí smacht maith ag na tighearnain ar na tíonóintibh. Deirtear gur caitheadh daoine bochta amach fiú nuair d'íochadar an cíos agus tugadh an talamh do dhaoine saidhbhre.