Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)

Suíomh:
Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 088

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 088

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inistrághamhóir
  2. XML Leathanach 088
  3. XML “Scológ na Feasóige Liath”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus bhailigh leis soir. Bhí sé ag imtheacht nó go dtáinig sé go dtí an darna fathach. Bhuail sé barr a bhróige ar an dorus agus tháinig an fathach amach. "Céard atá uait" ar seisean. "Níl uaim ach troid" arsa mac an Rí. "Cé fearr leat ag troid ar leacracha glasa ná ag sáitheadh sgeanna gréasaidhe in asnachaibh a chéile" arsa an Fáthach. "Is fearr liom ag troid ar leacracha glasa" arsa mac an Rí. Leis an gcéad bhuille chuir sé an fathach go cuan sa leic agus chuir sé go muinneál ann é leis an dara buille. Tabharfaidh mé slaitín droidheachta duit má leigeann tú as seo mé" arsa an fáthach. Thug sé an tslaitín droidheachta dó agus bhailigh mac an Rí leis agus bhí ag imtheact gur bhuail sé le fathach eile.
    Meas tú cá bhfuil coradh ghlas an eolais. Níl fhios agamsa cá bhfuil sé. Shéid sé an bonnán a tháinig a raibh go bheithidhigh béaga agus móra sa domhan thoir go dtí é. Shéid sé an bonnán an dara h-uair agus tháinig a raibh go iasg beag agus mór sa bfairrge go dtí é. Shéid sé an bonnán an treas uair agus tháinig a raibh go éanacha beaga agus móra san éar anuas chuige.
    Ba gheárr go bhfacha sé préachán ag teacht anuas taobh an chnuich agus d'fiafruigh sé dó céard a choinnigh go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Réamonn Ó Mullaoidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Niaidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20
    Seoladh
    Ros Muc, Co. na Gaillimhe