Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)
- Suíomh:
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus cailleadh a fear dá fágháil lé aon mhac amháin. Bhí sí an-bhocht don tsaoghal. Bhí amach in éanfacht léithí. Sé an obair a bhíadh ar an mac ó maidin go tuitim oidhche - Domhnach agus Dálach, ag dul thart ó pháirc go páirc ag bailií olann a bhí taréis tuitim do druim na gcaorach. Thagadh sé abhaile ag dul faoi na gréine agus bailiúchan an laé aige dá mháthair,Sé an obair a bhíadh ar a mháthair, ag cárdail agus ag sníomh agus ag figheachán na holna sin go bréidín. Nuar abhí mála mór bailighthe ag an mac, rinne a mháthair píosa bréidín as an olann agus chuir sí an mac ag an aonach leis lé na dhíol. Nuair a bhúail sé lár an aonaigh, ní baileach go raibh comhnaidhe déanta aige núair siúd chuige fear ag ceannacht an bhréidín. Núair a chonnaic an fear an bréidín dúbhairt sé go raibh sé fliuch agus í a chuir dá triomú. Sgar sé an bréidín ar charnán cloch a bhí ar chiumhais páirce an aonaigh. Taréis tamaill spaisteóireachta siúd leis go bfeicfeadh sé araibh an bréidín tirim ach ní raibh bréidín tirim ná fliuch ná oireadh agus a dubh ná a dhath le feiceál i gconigar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Chonghaola
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Conghaoile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe