Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)
- Suíomh:
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an charnáin ar ar sgar sé í. Siúd leis ag cuárdach an bhréidín. Dubhairt daoine leis gur bíad na daoine matha a chroch leó an bréidín agus dá gcartfadh sé na clocha go bfuighfeadh sé an bréidín. Rinne sé mar moladh dó ag ceapadh gur ar mhaith leis a bhí an chomhairle a tugadh comh saor sin dhó.Ní raibh sé i bfad ag cartadh gur casadh sean brog air, tamall ina diaidh sin casadh mála airgid air. Bhí a croidhe amuigh in a bhéal lé háthas. As go bráthach leis abhaile go dtí na mháthair leis an saidhbhreas a bhí fáighte aige. Dúbhairt sise leis gur[?] a rún a leigean le mac an éin bheó. Níorbh ar chomhairle a mháthar a bhí áird ag an amadán. D'innis sé do bheag is mór, iséal is úasal faoi an mála airgid a fuair sé.Chúala an fear a raibh an ciste[?] i bfolach aige go raibh sé ag an mbaintreabhach. Tháinig sé ar lorg an airgid ach mharbhuigh an bhaintreabhach é agus chuir é. Rinne sí seo ingan fhios dá mac marach[?] sin ba ghearr go mbeadh sgéala aici air. Ach mar bhí sé, d'fan an t-airgead aici agus d'fan aici ina teannta an rún.
- Bailitheoir
- Brighid Ní Chonghaola
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Conghaoile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe