Scoil: Fearann an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomhnaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 330](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0001%2FCBES_0001_330.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 330
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ó shoin. Thóg naomh Breacán is a manach na “Seacht dTeampaill” in Eónacht. Mhair Naomh Breacán in Eónacht.
Tá sé ráidhte ag na sean-ndaoinibh go ndeachaidh Naomh Éinne agus Naomh Breacán ag roinnt Árann eatortha féin. Sé an socrughadh a rinneadar le é a roinnt: Nuair a bheadh an t-Aifrionn léighte acabh an muinntir a bhí thoir dul shoir agus an’ muinntir a bhí thoir (thiar) dul siar no go gcasfaidhe ar a chéile iad. Chonnaic na daoine a bhí thiar an muinntir eile ag teacht ortha. Nuair a chonnaic rinne Naomh Breacán urnaighe agus ghreamuigh cosa capall Naomh Éinne san talamh, agus ní raibh sé indon cosughadh gur tháinig na daoine eile go dtí iad. Deirtear gur b’sin é lár an Oileainn. Tá sé ráidhte gur i gCilléinne a cuireadh Naomh Éinne; acht níl aon fhios cár cuireadh Naomh Breacán. Tá mainistir Bábhain i gCilléinne.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghillín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gillín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe