Scoil: Fearann an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomhnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Baistear leanbhaí in ainm na Naomh. Tá tobar le Naomh Éinne i gCilléinne. Tá áit eile ar a dtugtar Cillrónáin a baisteadh ó naomh ar a dtugtar Rónán. Tá tobar i gCuabhruach ar a dtugtar Tobar Cheathrar Áluinn. Sé an fáth gur tugadh an t-ainm sin ar an áit: cuireadh ceatrar naomh ann. Tá tobar Chiáráin i Mainistir. Freisin, tá tobar Chuilm Chuille i gCilléinne. Tá tobar an Spioraid Naomh i nCónacht. Bíonn lá ‘le Peadar agus Pól in a lá saoire in Árainn. Ní déantar aon obair. Bíonn lá ‘le Peadair agus Pól in a lá mór.
Níl aon phaidir agam a bhaineas le Naomh Éinne; acht seo paidir ag baint le Naomh Seosamh.
Chugat-sa a Sheósaimh Naomhtha A chigimíd i nár mbuadhairt aigne,
Agus tar éis dúinn congnamh d’iarraidh ar do chéile ró-bheannuighthe, táimíd(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghillín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gillín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe