Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “An Bhean agus a Triúr Mac”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an buachaill leis agus casadh an fear céadna dhó is bhí air an obair chéadna a dhéanamh. Ar maidin chuir sé amach iad agus thug sé isteach aríst trathnóna iad. 'Sé an áit ar chuir sé ar maidin iad isteach i bpáirc le fáthach. Trathnóna tháinig an fáthach go dtí é agus chuaidh sé fhéin agus an fáthach ag troid agus mharbhuigh sé an fáthach agus thug sé abhaile na beithigh agus na coilm.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Amadán a chur ar theachtaireaht is measa ná sin óinseach.

    1. Amadán a chur ar theachaireacht, is measa ná sin óinseach.
    2. An cheird atá sa mbaile 'at leanann sé ar chuairt thú.
    3. Cuairt gearr is a dhéanamh go h-annamh bíonn sé i gcomhnaidhe buidheach.
    4. Níl saoi gan locht.
    5. Ní fheictear d'aoinne a lochtai féin.
    6. An té a bhíonns amuigh fuarann a chuid.
    7. An rud a théigheanns i bhfad téigheann sé chun righeanadas.
    8. Is fusa dul thar dhoras tighe gan mada.
    9. An té nach smachtóchaidh Dia ní smachtóchaidh duine.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge