School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 026
- XML “An Fear a Bhí faoi Gheasaí”
- XML “An Fear agus a Thriúr Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Fear a bhí faoi Gheasaí
Bhí fear ann fadó & fadó bhí. Bhí sé faoi gheasaí annsin gan stopadh ach chuile chorp dá gcuirfidhe sa roilig a thógáil & a ithe. Ní fhéadfadh sé stopadh go séanfadh bean óg é seacht n-uaire.
Bhí go maith & ní raibh go h-olc go dtí lá a raibh sé ag ithe chuirp a bhí thar éis a chur & bhí cailín óg a dul thart dár b'ainm Eibhlín Cailín, & chonnaic sí é ag tógáil chuirp & dá ithe. Rith sí sin le n-a h-anam, & bhí ribín ar a cúl, & leis an an-bháthadh a bhí uirri chaill sí an ribín. Fuair an fear seo an ribín & lean sé de & tháinig sé suas léi. 'Sé an t-ainm a uirthe - sé Eibhlín Cailín.
"Muise, Eibhlín Cailín" adeir sé, "a bhfaca tusa tada nó ar chaill tú an ribín".
"Muise" deir sí, "ní fhacha mise tada & ní mé a chaill an ribín".
Ach bhí sé ag tigheacht go dtí í an oiread uaireannta 'gus 'na dhiadh sin féin choinnigh sí dhá shéanadh an oiread uaireannta nó go dtí sa deireadh labhair sé féin agus d'fhreagair - "Is maith an bhean thú" ar seisean. "Tá mise tóigthe d' dhraoidheacht anois aghad agus b'fhearr dhuit mé phósadh". Phósadh an bheirt aca & rinneadar gnótha maith in a dhiadh sin.- Informant
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Other names
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe
- An Fear agus a Thriúr Mac
Bhí fear fadó ann agus bhí triúr mac aige. Cailleadh(continues on next page)