School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 027
- XML “An Fear agus a Thriúr Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an bhean air & phós sé arís. Bhí an darna bean an-olc leis na gasúir, agus ba mhaith léi iad a chur chun báis.
'San oidhche bhí na gasúir uilig imthighthe a chodhladh ach an mac a b'óige. D'fhan sé sin in a chodhladh ar an teallach ag éisteacht leis an rud a bhí an leas-mháthair a rádh.
Dúbhairt sí go gcuirfeadh sí isteach sa sgioból iad & go gcuirfeadh sí amach an bhó. Nuair a tháinig an oidhche lá'r na bháireach, dúbhairt an leas-mháthair leob a dhul isteach sa sgioból mar gur ann a chaithfidís codladh níos mó. Chuaidh & d'inis an mac a b'óige dóibh gach ar chuala sé féin go raibh an leas-mháthair a bhfágáil sa gcró & an cró a chur tré theine.
D'éaluigh siad amach as an gcró & chuir siad an bhó isteach ann. Nuair a bhí sé píosa maith 'san oidhche, las an leas-mháthair an cró, & nuair a chuaidh sí go dtí iad ar maidin, céard a bheadh aice ach cnámha na bó.
D'imthigh na gasúir leób go dtáinig siad ag trí cros-bhóthair & ghealladar dá chéile a theacht ag an gcrosbhóthar céadhna faoi cheann lá & bhliadhain. Chuaidh duine aca soir, ceann eile siar, & an treas ceann ó dheas.
Tháinic lá & bliadhan & tháinic na buachaillí le chéile ag an gcros-bhóthar céadhna ar imthigheadar as. Dúbhradar go ngabhfadh siad abhaile féachaint cé'm chaoi a raibh a n-athair. Nuair a tháinic siad ag an teach ní raibh aon duine istigh rómpa. Chuaidh siad síos 'uig an taoille & ní raibh aon duine le feiceál ann ach fear a bhí amuigh ar an taoille ag iasgach. Ghlaoidh siad isteach air & chuaidh siad amach ag iasgach leis. Nuair a(continues on next page)- Informant
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Other names
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe