School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)

Location:
An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Meleachlán Mac Gairbhín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 376

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 376

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tráigh Bhán
  2. XML Page 376
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Mo Cheanntar Fhéin.
    Doirín-Darach an t-ainm atá ar mo bhaile a bhfuil mé in mo chómhnuidhe ann. Tá sé i bparráiste an Cheatramh ruadh. Tá suas le dhá sgór teach in mo bhaile. Tá an chuid is mó go na tíghthe agus slínn atá orra agus an chuid eile tuighe. Tá go leór daoine in mo bhaile. Sé an fáth go bhfuil an t-ainm sin air. Bhí coill mhór ag fás ann sa tsean aimsear agus bhí go leór ainmhidhthe fiadháine ann, annsin gearradh an choill agus níl aon coill le feicéal ann anois. Marbhuigh na h ainmhidhthe agus níl aon ainmhidhe fíadháin ann ó shoin. Níl mórán daoine ins an bhaile.
    Tá triúr sa'n mbaile atá trí sgóir agus deich mblíadhna agus sí Máire Ní Donnchadha an duine is sine acú. Tá an triúr sin ag fágháil an pionsúin. Tá cainnt ag gach duine acha ach níl siad indan aon sgéal a innseacht i mbéalra. Talamh dona atá sa'n mbaile mar tá sé portánách carraigeach agus sléibhteánach. Tá an chuid is mó dhe faoí phortaige. Bíonn na daoine atá san mbaile ag cuir beagán barraí agus cuid eile agus cuid eile [!] ag tarraighnt an dól agus cuid eile ag obair ar an mbóthar Níl mórán locha san mbaile, níl ann acht dhá loch agus sé an tainm atá orrtha loch an lodáin agus loch teann. Sé an fáth gur tugadh loch teann air mar tá gainimh garbh ag bonn na locha. Sé an fáth go dtugtar loch an lodáin air mar tá sé istigh i ngarraidhe ar a dtugtar fiodán. Níl sgéal ná
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Loch Doirín Darach, Co. na Gaillimhe
    Collector
    Maighréad Ní Mháille
    Gender
    Female
    Age
    13