School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)
- Location:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Meleachlán Mac Gairbhín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tráigh Bhán
- XML Page 417
- XML “Fathach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí sé cinnt uirthí an fuil a bhaint dá méar. Bhí caitin sa teach agus diarr sé braon bainne uirí. Dúbhairt sí nach dtiúbharfadh. Nuair a tháinig an fathach diarr sé uirthí a méar a theasbáint dó. Bhain sé an cloigeann dí agus chaioth sé siar ins an seomra é. Rinne an dara hingean an cleas céadhna. Acht an trcómhadh hingean nuair uirthí dúbhairt sé go dtiúbharfadh agus failte. Dúbhairt sé leí a méar a thomadh ins an bpota a bhí ar an agus go n-imtheóch an fuil dí.
Tam sí a méar ann agus dimthigh an fhuil. Nuair a tháinig an fathach diarr sé uirthí a méar a theasbháint dó. Is tusa mo bhean-sa a deir sé. Lá amháin dúbairt an caitín leíthe cloigeann an chéad inghean a thabhairt leíte agus braon den uisge a bhí ins an bpota a chaitheamh uirthí agus go mbeadh sí beó. Caith sí braon uirthí agus bhí sí beó. Cuir sí síos í mala í agus chuir sí airgead in a timcheall(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Corraidín
- Gender
- Male
- Address
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe