Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Druim
  2. XML Leathanach 009
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chonnaic sé lorg cosa na gcapall a bhí ag lucht an chiseáin. Lean sé lorg na gcosa. Chonnaic sé solus scathaimh uaidh. Céard a bheadh ann ach lucht an airgid. Bhí crann in-aice leo agus tháinig an fear a raibh an craiceann bó air go dtí an crann. Thosuigh sé ag trumpáil an chrainn. Scannruigh lucht an airgid agus rith siad. Leis an scannradh a baineadh asta d’fhágadar an t-airgead ina ndiaidh.
    Thug an fear leis an t-airgead go dtí a mháthair. Chuaidh sé go dtí an righ annsin agus d’innis sé dó an chéird a bhí aige. Dubhairt an righ leis go mbainfidhe an cloigeann dé mara mbeadh sé indon céachta a ghoid uaidh ceathrar fear. D’imthigh leis an bhfear bocht. Chuimhnigh sé a chleas. Chuaidh sé ag an siopa agus cheannuigh sé dhá choinín. Chuaidh sé go dtí páirc a raibh ceathrar fear ag obair le céachta. Bhris an fear cois ceann de na coiníní. Scaoil sé saor le taobh na bhfear é. “Ó, féach soir an coinín!” adeir beirt de na fir in-aon feacht. “Tugaidh air dá ngnótha”, adeir an tríomhadh fear. Scaoil an fear saor an dara coinín agus a dhá chois briste. “Féach soir an ceann eile!” adeir an bheirt céadna. Rith an bheirt indiaidh an choinín agus céard a dhéanfadh an bheirt eile ach iad a leanacht. Nuair a bhí siad imthighthe thug an fear leis an céachta agus thug sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Chualáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Brighid Ní Chualáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe