Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 019
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a d'éirigh sé an maidin thug sé a aghaidh ó thuaidh agus a aghaidh ó dheas agus d'iarr ar Dhia a chur ar a leas. "Má tá tú an do" ars an fathach, "cuir síos mo bhricfeasta" "Ní chuirfead" adeir sé, "ach éirigh thú féin agus cuir síos é. Ní raibh mise imo shearbhónta ag m'athair féin" Éireóchad ars an fathach, le fonn thusa a bheith ar mo dhinnéar agam." "Beidh le féachaint," arsa Pronns William. Nuair a bhí an bricfeasta ithte aca d'fhiafruigh an fathach dó cé ar bhfearr leis ag carraidheacht ar leacracha glasa nó sáthadh sgeana glasa i mbolg easnacha a chéile. "B'fearr liom ag carraidheacht ar leacracha glasa in-áit a mbeidh mo chosa míne geala ag dul in-uachtar." Leis an sgéal mharbhuigh sé an fathach.
Nuair a bhí an lá agus bliadhain thuas tháinig síad ag an bpoll. Annsin leigeadh anuas an rópa. Chuir sé an bhean ba shine isteach ann agus tharruingheadh suas í. Cuireadh an dara bhean aríst ann. Leigeadh anuas arís é agus bhí an bhean ba h-óige ag iarraidh air féin a dhul suas roimpi féin. Bhí fáinne ar a méir agus chuir sí ar a mhéir é. Dubhairt sí leis cloch a chur sa tubán agus é féin fanacht amach ó'n bpoll faitchíos go ngearrfaidís an rópa. Rinne sé é sin. Nuair a bhí an tubán leath-bhealaigh suas ghearradar an rópa. Bhí sé ceapadh annsin go sgaoilfidís anuas an tubán agus go dtiubharfaidís suas é. Bhí sé an fhad ag béal an phuill agus go raibh sé ag tuitim leis an ocras. Nuair a thuit sé do scríob an fáinne a bhí ar a mhéir le cloch agus tháinig an t-iollar go dtí é. "Rud ar bith atá ag teastáil uait caithfidh tú é fhághailt" ars an t-iollar.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Ó Coighin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Coighin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. na Gaillimhe