Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 031

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 031

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Druim
  2. XML Leathanach 031
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanfhocla
    Aithníghtear carad i gcruadh-chás. An té nach bhfuil láidir ní mór dó a bheith glic.
    Ní fhághann minic onóir.
    Is fearr rith maith ná droch shasamh.
    Is fearr carad sa gcúirt ná bonn sa sparán.
    Tá ceann caol ar an óige.
    Ní fhaightear rud ach san áit a mbíonn sé.
    Is beatha do dhuine a thoil
    Is goire cabhair Dé ná an doras.
    Ní théigheann cuileog san mbéal a bhíonns dúnta.
    Dá mbeadh Éire i bpáirt bheadh a leath ar lár.
    Ní hé lá na goithe, lá na scolb.
    Fághann an capall bás an fhad is bhíos an féar ag fás.
    Ar mhaithe leis féin a dhéanas an cat crónán.
    An té nach gcuirfidh san Earrach ní bhainfidh sé sa bhfóghmhar.
    Is le fear na bó an laoi is le bean an tighe an bainne.
    Leigeann béal na fuaighe rud ag béal na truaighe.
    Bíonn an aithrighe mhall contabhairteach.
    Roineann Dia na súbháilcí.
    Ná h-éileamh do cheart go bhfeicir do neart.
    Is mairg a labhrann go teann
    Cleamhnas an charn aoilighe agus Caras Críost i bhfad ó bhaile.
    Is glas iad na cnuic i bhfad uainn.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge